Cúrsaí
Tá cúrsa Gaeilge Ros Goill na nDúnaibh le fáil trí bhomaite ó na Dúnaibh i gcroí lár na Gaeltachta. Is áit ar leith í gan dabht agus tá clú agus cáil ar na cúrsaí anseo le corr agus seasca bliain. Déantar freastal ar achan chumas Gaeilge ón tosaitheoir go dtí an té atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge.
Tá an-taithí ag ár múinteoirí uilig.
Beidh triúr múinteoirí ag scoláirí san Ard Rang ag ofráil éagsúlacht leathan d’ocáidí foghlama.
Gealltar trí rud cinnte ar ár gcúrsa:
- Foghlaimleoidh tú neart Gaeilge ó na múinteoirí iontacha!
- Bainfidh tú sult go deo as an Chraic agus as na hImeachtaí!
- Buailfidh tú le daoine galánta I rith an chúrsa!
Imeachtaí
- Turais an cheantair
- Damhsaí agus ceol/Seisiún Ceoil
- Craic agus Scéalta
Sa Bhunrang:
- foghlaimeoidh tú foclóir láithreach bonn
- tógfaidh tú an dóigh le frása a chumadh agus le structúr a thuiscint
- labharfaidh tú ar toipicí difriúla reathúla
- oibreoidh tú i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga
- déanfaidh tú tascanna idirgníomhacha
- gheobhaidh tú blaisín ar litriú agus léamh na Teanga
- Bainfidh tú sult mór as!
Sa Mheánrang:
- foghlaimeoidh tú foclóir láithreach bonn
- tógfaidh tú an dóigh le frása a chumadh agus le structúr a thuiscint
- labharfaidh tú ar toipicí difriúla reathúla
- oibreoidh tú i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga
- déanfaidh tú tascanna idirgníomhacha
- gheobhaidh tú blaisín ar litriú agus léamh na Teanga
- bainfidh tú úsáid as na haimsirí éagsúla trí imeachtaí nadúrtha
- foghlaimeoidh tú an dóigh le labhairt amach sa Teanga
Táille an Chúrsa: €180.
Níl costas na n-imeachtaí san áireamh.
CLÁRAIGH ANOIS!